Monday, May 22, 2017

Dia duit, Róan agus Síomha anseo. Inné chuamar ar siúlóid go dtí Trácht Each agus chonaiceamar cúpla rón san uisce ag an leacht cuimhneachán do na daoine a fuair bás san uisce. Chuamar abhaile tar éis sin don lón. Bhailíomar ag an phairc spraoi agus bhí Múinteoir Máire agus Jennifer ansin. Bhí cead again dul go dtí an siopa, páirc astro nó an pháirc spraoi. Chuaigh muid abhaile don dinnear ar a 17:30. Tar éis dinnear chuaigh muid chuig an aifreann. Bhí muid ag canadh agus ag seinm aige. 
Ba é sin deireadh do ár deireadh seachtaine.

                       Slán go fóil 
                  Síomha agus Róan : )

An Chéad Deireadh Seachtaine!

Dia dhaoibh, Brendan agus Realtín anseo. Tá an chéad deireadh seachtaine thart! Ar an aoine chuamar go dtí Caisleáin uí Bhriain. Bhíomar a sceitseáil an caisleáin, agus ag glacadh griangrafanna dó. Ina dhiadh chuamar go dtí an páirc spraoi, bhi an craic againn

Ar an sathairn shúileamar go dtí an Plassey ag a 11 a chlog ar maidin. Bhíomar ag sceitseáil agus ag glacadh griangrafanna freisin. Fuair cúpla daoine píosa den Plassey agus thóg siad abhaile iad. Bhí scoiláirí ón Gearmáin ag léimt ar an mbád agus ba bheag nar thit siad as. Chuaigh an rang go dtí an loch mór agus bhí 2 nóiméad 19 soiceand ciúnas againn. Ina dhiadh sin chuamar go Poll na gCaorach. Is trá beag é ar an taobh thiar den oileán,
 Slán ó Brendan agus Réaltín!!!

Dia dhaoibh ar madin,

Inné bhíomar ag an trá, Bhí comórtas ann don pholl is doimhne. Bhuaigh  na cailíní ó theach Bríd agus Trevor agus bhuaigh na buachaillí ó theach Bríd Uí Ghríofa  agus ó theach Áine agus Stiofáin.D'éirigh  Éanna greamaithe ina pholl,Ní raibh le feiceáil ach a  dhá chois san aer! I ndiaidh an chomórtais chuamar go léir ag lapadóireacht san uisce.Ní fhacamar an deilf  áfach , Ansin chuamar go dtí an pháirc spraoi. Tar éís é sin ar fad, scaoileadh abhaile muid teach ar theach Chuamar go dtí an siopa agus bhí cith againn mar bhíómar clúdaithe le gaineamh! 

Chuamar go dtí an pháirc spraoi arís ar feadh cupla nóiméad. Chuaigh Múinteoir Tomás agus Múinteoir Seán ar an gcrandaí bogaidí!Bhí an t-ádh linn nár bhris siad é

Ag a seacht a chlog chuamargo dtí an ceílí le haighdh cluichí, Ach i ngan fhios do Shíomha,Emma agus mé féin ( Conal) d'eagraíomar cóisir dóibh. Bhí a lán cístí,,ballúin agus craic ann.


Shúileamar abhaile don suipéir agus tháinig na múinteoirí le seiceáil orainn. Thug siad marcanna don seomra a bheith néata agus labhar siad le bean an tí.


Slán go fóill 
                        Ó CHONAL AGUS SINÉAD

Oileán Árainn Mhór agus an bád

 Oileán Árainn Mhór agus an bád It was the summer of 2020. I was on Arranmore island. My self Oisín, Sorcha, my mam and dad and Copper were ...