Wednesday, May 08, 2013
Thursday, May 02, 2013
Seicliosta!
Roinnt rudaí tábhachtacha!
Cóta Báistí
Bríste Báistí
Hata (Baseball)
Uachtar Gréine
Ceamara
Cóipleabhar Inis Oírr
A4 Sketch Pad agus Dathanna
Stampaí agus Clúdaithe Litreach
Buidéal (don Uisce)
Thursday, April 18, 2013
Cruinniú Inis Oírr
Ná dearmad go mbeidh cruinniú eolais Inis Oírr ar siúl sa scoil Déardaoin an 18ú Aibreán do thuismitheoirí Rang a 5.
Tá sé tábhachtach go mbeidh ar a laghad tuismitheoir amháin ann ó gach clann. Tosóidh an cruinniú ag 8pm.
Míle buíochas,
Jennifer
Tá sé tábhachtach go mbeidh ar a laghad tuismitheoir amháin ann ó gach clann. Tosóidh an cruinniú ag 8pm.
Míle buíochas,
Jennifer
Saturday, March 02, 2013
Inis Oírr 2013
Beidh Rang 5 ag taisteal go hInis Oírr i Mí Bealtaine le cúnamh Dé, agus tá gach duine ag súil go mór leis!
Beidh sibh in ann teacht anseo nuair a bheimid imithe,chun grianghraif, teachtaireachtaí agus cuntaisí a fheiceáil, agus chun dul i dteangamháil linn!
Beidh sibh in ann teacht anseo nuair a bheimid imithe,chun grianghraif, teachtaireachtaí agus cuntaisí a fheiceáil, agus chun dul i dteangamháil linn!
Tuesday, May 22, 2012
An Oíche Dheireanach!
Tá deireadh an chúrsa tagtha, agus chaitheamar an oíche dheireanach ag Poll na gCaorach! Bhí tine chnámh againn, agus barbecue! Bhí an comórtas drámaíochta againn chomh maith, agus bhí oíche den scoth ag gach duine! Táimid díreach sa bhaile anois, mar sin beidh páistí tuirseacha ar an traein go BÁC amárach! :)
Monday, May 21, 2012
Inis Mór
Bhí lá iontach againn inniu in Inis Mór, chuamar ar an mbád ag 10.45 am, agus chaitheamar lá álainn ar thuras, ag siúil, ag foghlaim faoi stair an oileáin, ag ithe, agus ag siopadóireacht! Bhíomar traochta faoin am gur thángamar abhaile ag 6.45pm, ach b'fhiú é!
Sunday, May 20, 2012
Chris
Dia Duit. Tá Inis Oírr thart i ceithre lá. Tá mé an sásta chun a bheith in ann mo chlann a fheiceáil ach is breá liom Inis Oírr. Tá muid ag dul go dtí Inis Mór ar an Luain chun bronntanais a cheannach. Tá mé ag súil le gach duine a fheiceáil. Slán ó Chris i RANG 5
Sarah agus Karen
Dia duit gach duine!!
níl ach 2 lá fághta in Inis Oírr!! :( Tá muid ag iarraidh sibh a fheiceáil go luath! :D Chuamar go dtí an trá inniu bhí an-craic againn ansin, rinneamar caislean gaineamh agus ag an deireadh leag muid iad go léir.
Slán go fóill le grá mór ó Sarah agus Karen !!!!! :D :)

Friday, May 18, 2012
Grianghraif
Tá neart grianghraif nua curtha suas agam ar an leathanach Grianghraif 2012, bí cinnte iad a sheiceáil!
Gach duine fós in an-form, agus ag baint taitneamh as! Tá Rang a 5 go hiontach ar fad agus táimid chomh sásta leo!
Jen
Gach duine fós in an-form, agus ag baint taitneamh as! Tá Rang a 5 go hiontach ar fad agus táimid chomh sásta leo!
Jen
Martha agus Ciara Ní M
Dia Dhaoibh clainn Martha agus Ciara !!
Tá muid ag baint an-taitneamh as an turas. Níl ach cupla lá fágadh :( agus tá muid ag iarradh an méad is mó taitneamh is gur féidir linn. Tá muid ag thógail isteach gach rud agus beidh a lán eolas againn nuair a fhaigheann muid abhaile. Feicfidh muid sibh go luath!
Grá mór ó Martha agus Ciara xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx :)Ciara A + Eoin
Dia duit,
tá muid ag baint taitneamh as Inis Oírr.
Tá muid leath bealach tríd an turas agus níl ach ceithre lá fágtha.
Chonaic muid na currach go leir agus thaispeáin M.Máire cluiche saighdiúirí dúinn.
Chuaigh muid chuig an Loch Mhóir agus bhí dhá ealaí agus bhí ceann amháin dóibh ag suí ar nead.
Chonaic muid alán éin chonaic muid... Fáinleoga, ealaí, cearc uisce agus faoláin.
Bhain muid an- taitneamh as an siúlóid agus ba mhaith linn é a deanamh arís.
Slán go fóil Ciara A agus Eoin.

Subscribe to:
Posts (Atom)
Oileán Árainn Mhór agus an bád
Oileán Árainn Mhór agus an bád It was the summer of 2020. I was on Arranmore island. My self Oisín, Sorcha, my mam and dad and Copper were ...
-
5/5/2016 Dia Dhaoibh ó Inis Oírr!!! Tá an aimsir go háillin inniú. Conas atá an aimsir i mBaile Átha Cliath? Tá sé bhreithlá Aoife (mi...
-
Teach Ríona Teach Áine & Tony Teach Áine & Maidhcí Teach Bríd Uí Ghríofa Teach Bríd & Trevor
-
De réir cosúlachta beidh páistí Rang 5 ag dul go neamh. Is mór and trua nach féidir linn an rud céanna a rá faoi múinteoir Niamh