Wednesday, May 15, 2013

Killian agus Eileen

Dia duit

Eileen agus Killian anseo

Tá Inis Oírr iontach is brea linn é!
Tá muid ar scoil tá muid ag leamh Fuadach.
 Tháinig Muinteoir Tara agus Muinteoir Orla! :)
D'fhagh Muinteoir Máire agus Muinteoir Shane :(
 Fág comment ar an mblog is brea linn iad a léamh agus is maith linn iad a scríobh!

Slán:Killian agus Eileen


Fionn agus Daniel mac b

 Dia duit!
Inné bhí muid ag cabhru le Glantacháin an tSamhraidh! Bhí muid amuigh ó naoi a chlog sa maidin go dtí a dó dheag a chlog nuair a thángamar  ar ais bhí brioscaí agus deochanna againn! Tar éis na deochanna bhí lá  iontach again!
ó Fionn & Daniel Mac B

Clodagh agus Charlie

Dia Dhaoibh gach duine Charlie agus Clodagh anseo.
Inné chuamar chun cabhrú le Scoil Chaomhán leis a chéad brat glas a fháil.
Bhíomar ag glanadh suas an oileán ach bhí sé an-glan cheana féin.
An t-ainm a bhí air an scéim seo ná "Glantacháin an tSamhraidh".
Thosamar ag 9:30 agus chríochnaíomar ag 12:10
Tar éis dinnéar chumar go dtí an halla agus rinneamar comortas fógraíochta agus thángamar sa chéad áit!
Sin é slán go fóil ó Charlie agus Clodagh!

Seán+Diarmuid

Dhia dhaoibh gach duine Seán agus Diarmuid anseo. 
Bhímir ag glanadh suas an oilean inné le na páistí ó scoil Chaomháin mar bhí siad ag iarradh an brat 
Thosaigh sé ag a 9:30 go dtí a 12:00. Fuaireamar a lán déanta sa dhá uair go leath, ghlanamar an oileán ar fad. Bhí cheilí againn agus tar éis d'fhéachamar ar an Eurovision.

Sin é slán ó Seán agus Diarmuid:) glass mar Scoil Neasáin.

Tuesday, May 14, 2013

EOIN MAC ADAIMH + ADAM Ó NUALLÁIN!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!! :-)

DIA DHAOIBH GACH DUINE.

EOIN A AGUS ADAM ANSEO AR INIS OÍRR!!!!

TÁ SÉ SEO ÁR SÉÚ LÁ I INIS OÍRR AGUS TÁ SÉ GO HÍONTACH.
INNÚ GLACH AN RANG PART I GLANTACHÁIN AN tSAMHRAIDH.
TÉINEAMAR TIMPEALL AN OILEÁIN.
BHÍ MUID SA GHRÚPA CÉANNA AGUS CHUAMAR AG GLANADH SUAS Ó PÓL AN ÁSAIL GO DTÍ AN TRÁ.
INNÉ CHUAMAR GO DTÍ AN PLASSEY, PÓLL NA GCAORACH.(SIN TRÁ IN AICE LE AN PLASSEY) AGUS AN LOCH MÓR.


Tiernán agus Aoife

Dia duit gach duine ,

Inné chuamar go dtí an Loch Mór agus chonaiceamar éin difriúla agus dhá ealaí ann ag snámh.
Bhí dhá chapall ann agus bhíomar in ann bia a thabhairt dóibh. Chuamar go dtí an Plassey agus  thógamar a lán pictiur de.  Thógamar piosaí beaga de freisin .Chuamar  go dtí an siopa tar eis sin.  Bhí céilí again an oíche sin.
Bhí oíche iontach again.
SLÁN.....!!!!!!!!!!!!!!

Neil agus Abbie

Dia duit gach daoine Abbie agus Neil anseo.


Tá Inis Oírr go maith tá muid ag baint taitneamh as Inis Oirr.  Innu rinneamar Glantacháin  an tSamhraidh.  Inné chonaic muid an loch agus an Plassey.    Bhí Céilí again aréir.

Slán
                  Ó
                            Abbie agus Neil

Rose agus Feargal

Dia dhaoibh! Feragal agus Rose anseo! An fáth nach raibh aon duine ag scríobh inniu ná go rabhamar ag glacadh páirt i nGlantacháin an tSamhraidh. Bhíomar ag glanadh an oileáin i ngrupaí le páistí Scoil Chaomhán don mhaidin ar fad.
Inné chuamar go dtí an Plassey agus chonaiceamar an Loch Mór! Ag an loch mór rinneamar comórtas bláthanna. Bhí orainn féachaint timpeall le haghaidh bláthanna éagsúla agus an grúpa leis an méid is mó pictiúirí de bláthanna eagsúla bhuaigh siad! Ag an Plassey thógamar pictiúirí agus píosaí den Phlassey!
                                        
                                             Slán go fóil ó Rose agus Feargal!!!

Monday, May 13, 2013

GO N-ÉIRÍ LIBH A CHAILÍNÍ RANG A 6!!

Táimid ar fad ag smaoineamh ar fhoireann na gcailíní agus bhur sár bhainisteoirí Deirble agus Joanne atá sa chraobh amárach i bPáirc Pharnell, go n-éirí libh a chailíní beimid ag tacú libh agus ag screadaíl ó Inis Oírr, b'fhéidir go gcloisfidh sibh muid!
Ba bhreá linn a bheith ann chun tacaíocht a thabhairt daoibh, ach táimid cinnte go n-imreoidh sibh go hiontach. Táimid an-bhródúil asaibh !
SCOIL NEASÁIN ABÚ!
le grá ó Rang a 5, Máire, Shane agus Jen :)

Dé Luain: An Plassey

















Kéabha :)

Dia dhaoibh gach duine 
Éabha Nic C agus Kate anseo. Dfhoghlaimíomar focail nua: gabhlaí (spéaclaí).
Chuamar go dtí Teampaill Caomhán agus chonaiceamar Leaba Chaomhán.
Is maith linn an scoil.Tá sé beag bídeach.Bhíomar ag sceitseáil cnoc Raithní.
Chuaigh Múinteoir Jennifer agus Múinteoir Máire ar an zip-line. Tá na páistí an-deas.
Is maith linn ár bean an tí agus ár theach. D'fhéach muid ar Mr.Bean agus Diary of a wimpy kid: Dog Days.
                                         Slán go fóil!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!

Ella agus Eoin S

Dia dhuit gach daoine,
Ella agus Eoin anseo.
Ar an Sathrain chuamar go dtí Teampall Camán bhí sé an spéisúil.
Ar an Domhnach d'imiríomar cluiche corr agus stotch.
Táimid ag bain an taithneamh as an turas.
Slán ó
           Ella agus Eoin

Cíola agus Daniel Mac Eoin

Hi gach duine. Tá muid ar ais ag scríobh ar an mblog. Chonaic muid  Teampall Caomhán agus Leaba Caomin. Bhí fuinneog ann agus má bhí tú in ann dul tríd rachaidh tú go neamh ach munar fuair tú tríd chuaigh tú go ifreann. Chuamar go Aifreann inné agus chan muid roinnt iomann. Chonaic muid Cnoc Raithcomh maith agus rinn muid sceitséil ar i lár an mbóthar!

Slán Ó Cíola agus Daniel Mac Eoin !

 

 

Luke agus Dianaimh


Dia Dhaoibh go léir
Dianaimh agus Luke anseo
Tá sé ag cur báistí go dona anseo
Ar an Sathairn chuaigh muid go dtí Teampaill agus Leaba Caomháin naomh Pátrún an Oileáin
D'fhág Múinteoir Deirdre freisin
D'fhéach muid ar Mr Bean an scánnan. Bhí sé an-greanmhar
D'imir muid cluiche corr agus thóg Múinteoir Jennifer Luke go dtí an Base
Ar an Domhnach chuaigh muid go dtí an Aifreann..

                                                               Luke
Dia duit mam agus dad.
Conas atá tú?
slán ó Luke .
                                                           Dianaimh
Dia Duit Mam agus Dad
Tá Inis Oírr go hiontach!!
Slán ó Dianaimh

Emma agus Peadar

Dia dhaoibh gach duine. Emma agus Peadar anseo! Inné chuaigh muid ar aifreann agus bhí muid ag canadh ann. Tar éis an aifreann chuaigh muid go dtí an halla. D'imir muid Scotch. Bhí sé an-mhaith. Ansin chuaigh muid amach sa páirc agus d'imir muid cluiche córr. Bhí céilí againn ag 7:30. Bhí beirt daoine ón oiléain ann. Bhí an-spraoi againn. Tá muid sa seomra ranga anois agus tá Muinteoir Shane ag muineadh muid. Tá sé ag cur báistí arís :(   Slán go fóill ó Emma agus Peadar!!! :)

Oileán Árainn Mhór agus an bád

 Oileán Árainn Mhór agus an bád It was the summer of 2020. I was on Arranmore island. My self Oisín, Sorcha, my mam and dad and Copper were ...