Thursday, May 21, 2009

Dé Domhnaigh 17/5

Tigh Mháire Seoighe ar an Domhnach

Maidin inniu bhí triúr ag déanamh a gCéad Chomaoineach, Enda, Muireann agus Eimear. Bhí muid ag canadh ag an gComaoineach.

Tar éis an Chomaoineach chuaigh an rang go dtí an halla, d’imir muid Scotch agus Ballaí. Tar eis ár lón, rinne an rang toraíocht taisce. Bhuaigh Tigh Úna agus Meaidhchí.

San oíche bhí céilí againn.

 

Slán ó theach Máire Seoighe                     

Dé Domhnaigh 17/5

JJJJ

Dia Duit ó Theach BRÍD SEOIGHE

JJJJ


Inniu bhí  cleachtadh cóir don Chéad Chomaoineach. Ina dhiaidh sin d’fhoghlaim muid conas eitpheil a imirt. Bhí an-chraic againn. Ansin chuaigh muid abhaile agus d’imir muid Blind Man’s Buff. An oíche sin bhí céilí againn. D’fhoglaim muid damhsa nua. Bhí sé go hiontach.

Slán ó teach BRíD SEOIGE!!!!!!!

Dé Sathairn 16/5

Dia duit ó teach Áine agus Meaicdhí

Anocht an EUROFíS. Fuair gach duine sa rang tír sa Chraobh.

 

Bhí an Iorua ag Peig agus bhi an Ghearmáin ag Katie. Bhí Lithuania ag Aileen, bhí Malta ag Aoife agus bhí Armenia ag Caoimhe.

 

Bhí cúpla tír an-mhaith ach bhí cupla tír an- an- an- mhaith ach sa deireadh bhí an bua ag AN IORUA.

Bhí an Iorua ag Peig mar sin beidh

cóisir ag teach Áine!!!!

 

Le Aoife, Aileen, Peig, Caoimhe agus Katie xxx

Dé hAoine 15.5

 

Dia duit  Teach Bhríd Uí Ghríofa

 

Innú chuaigh muid ar scoil ag a naoi a chlog . Tar eis na scoile chuaigh muid chuig an séipeal chun cleachtadh cóir a dhéanamh don Chéad Chomaoineach.

 

Chuaigh muid ar ais ag an halla ansin. D’imir muid eitpheil.  Chuaigh muid teach ar theach go dtí an siopa. Nuair a tháinig muid ar ais chuaigh muid go dtí an páirc spraoi agus an cúirt cispheile.

 

Bhí Céilí againn d’fhoghlaim muid damhsa nua, Buint an Fhéir an t-ainm atá air.

 

Slán ó Thigh Bhríd Uí Ghríófa

 

Oileán Árainn Mhór agus an bád

 Oileán Árainn Mhór agus an bád It was the summer of 2020. I was on Arranmore island. My self Oisín, Sorcha, my mam and dad and Copper were ...