Tuesday, May 20, 2014

Saorla agus Ben :)

Dia duit!
Seo é Saorla agus Ben!
Chuamar go dtí scoil inné. Chuir sé leadrán orainn. Rinnimid mata (leadránach), stair (níos mó leadránach), agus Gaeilge (bhuel, ní raibh sé comh-leadránach). Bhímid ag cánadh an Dreolín inné agus bhí an-craic againn!
Chuamar go dtí an reilg inné. Chonaic muid leaba Chaomán, agus sheas Izzy ar é (tá sí ag dul go Ifreann). Chuamar isteach sa Teampall, agus chuaigh gach duine tríd an fhuinneog, agus mar sin beidh gach duine ag dul go Neamh.
Bhí muid ag sceitseáil an Teampall, agus bha beag nar shleamnaigh me (Saorla) síos an cnoc isteach ann!
Ansin chuamar ag siúl timpeall na reilge, agus d'inis Muinteoir Máire scéal dúinn faoi na cúpla fear óg seo, Tomás agus Seán. Bhí sé an-bhrónach. Fuair siad bás ar an fharraige, ach ní raibh stoirm ann. Bhí an aimsir go maith, agus mar sin níl aon duine cínnte céard a tharla an lá sin. Sa deireadh, fuair siad corp Seán, ach tá Tomás fós in san fharraige.
Níos déanaí, chuamar go dtí an céilí. :D Rinneamar Ionsaí na hInse, agus a lán cinn eile, rinne mé dearmad. Imríonn muid Wall-Ball uairenta agus beagnach buaigh mé inné (Saorla)!! 
Bhuel, sin é..
Slán go fóil ó Saorla agus Ben xxx


Hi ó Mhúinteoir Orflaith!!

Do Mhúinteoir Jenneh & rang a 5.... Súil agam go bhfuil gach duine go maith amuigh ansin. Óna scéalta a chuala mé tá na múinteoirí thar a bheith sásta libh ar fad!! Tá na griangraif ar fheabhas! Is breá liom na cinn ón trá ach go háirithe! Glacaim leis go bhfuil John Blundell an sásta leis féin tar éis an bua a bhí ag Arsenal....faoi dheireadh!!! Do aon lucht leanúna Man Utd (boooo!!) tá Van Gaal ainmnithe mar bhainisteoir nua agaibh, le Ryan Giggs mar leas bhainisteoir. 
Tá sibh leath bhealach ann anois, tá an tam ag imeacht go tapaidh. Bainigí sult as na siúlóidí, an turas go hInis Mór..agus na céilithe dár ndóigh!! Tabhair aire mhaith do Mhúinteoir Jen, Maire & Tomas...agus Niamh nuair a thagann sí! 
Ag suil go mór le níos mó griangraif & scéalta a fheiceáil & a chloisteáil uaibh...coinnigh ar an eolas muid. Bígí go maith & bainigi sult as!!
Grá mór,
Múinteoir Orflaith xxxxx

Éadaoin & Stacy

Dia dhuit gach duine!!!
Conas atá sibh?
Tá súil againn nach n-airíonn sibh uaibh muid. Chuaigh muid go dtí an reilg inné!!Chonaic muid an teampall agus chuaigh muid tríd an fuinneog agus tá muid chun dul go Neamh!!
Tá an bia go hionatach anseo, faigheann muid milseog gach oíche agus aréir fuair muid "Banana split".Bhí sé an-blasta. Rinneamar comórtas sa halla aréir.Bhí orainn dhá fógra a chuma. An dúis ná deich euro don teach le cóisir a bheith acu. Bhuaigh teach Sharon & Mairtín é.Bhuaigh ár dteach é!!
Tá muid chomh sásta le sin.
                                                              Slán
                                                                     ó
                                                                        Éadaoin
                                                                                     &
                                                                                         Stacy


Oileán Árainn Mhór agus an bád

 Oileán Árainn Mhór agus an bád It was the summer of 2020. I was on Arranmore island. My self Oisín, Sorcha, my mam and dad and Copper were ...