Tuesday, May 23, 2017

Dia dhaoibh gach duine!

 Cathal agus Seán anseo.

Inné  céad lá Amélie in Inis Oírr, ceapaimid gur bhain sí an taitneamh as.

Tar éis am scoile chuamar ar siúilóid go dtí Teampall Caomhán, Shiúileamar timpeall ar an reilg ar dtús agus ansin chuamar síos go dtí an teampall. Creid nó ná chreid, beidh gach duine ó rang a 5 ag dul go dtí Neamh! ~Fuair gach duine seans dul tríd an fhuinneog agus fuair gach duine seans luí ar leaba Chaomhán.
Tar éis é sin chuamar go dtí an pháirc spraoi ar feadh tréimhse agus ansin chuaigh cúpla duine suas go dtí siopa Ruairí.

Tar éis an pháirc spraoi chuamar abhaile don dinnéar. Bhí orainn bheith ar ais san pháirc spraoi ar a 19:30.
Thosaigh cúpla duine ag imirt peile agus thosaigh daoine eile ag imirt toraíocht. 
Ag 21:10 dúirt na múínteoirí go raibh orainn dul abhaile le haghaigh tae.

Slán go fóill!!!

Oileán Árainn Mhór agus an bád

 Oileán Árainn Mhór agus an bád It was the summer of 2020. I was on Arranmore island. My self Oisín, Sorcha, my mam and dad and Copper were ...