Wednesday, May 09, 2012

Táimid Tagtha!

Dia Dhaoibh ar fad!
Rang a 5 ar fad anseo in Inis Oírr slán sábháilte anois!
D'éirigh linn an traein, agus na heitiltí a fháil gan aon fhadhb agus tá gach duine sona sásta.
Bhí na páistí iontach maith ar an turas go Gaillimh agus ar na heitleáin.
Chuamar ar shiúlóid tráthnóna inniu, tá an aimsir gaofar agus fliuch ach le cúnamh Dé tiocfaidh feabhas ar!
Cuirfidh mé roinnt grianghraif suas amárach, agus b'fhéidir go mbeidh deis ag roinnt páistí blog a scríobh ar scoil. Tá gach duine tuirseach traochta tar éis an taistil ar fad, mar sin beimid sa leaba go luath anocht!

Fág teachtaireachtaí dóibh le léamh ar an leathanach Teachtaireachtaí 2012 le bhur dtoil!

Jen

Oileán Árainn Mhór agus an bád

 Oileán Árainn Mhór agus an bád It was the summer of 2020. I was on Arranmore island. My self Oisín, Sorcha, my mam and dad and Copper were ...