Monday, May 29, 2017

Cillian

Dia duit gach duine! Cillian anseo agus tá gach duine ag fáill réidh chun fagáil faoin am seo. Ar an Aoine bhíomar go léir ar súilóid fhada go dtí Trácht Míl, ar an mbealach ansin chonaiceamar caiorigh, beithigh agus capaill. Níos déanaí sa lá bhí céilí againn, d'imir muid wall ball agus bhí muid ag damhsa freisin! Ar an Sathairn bhí cead againn luí isteach go dtí 10:30. Níos déanaí sa lá bhíomar ag an trá ag imirt timpeall le liathróidi eagsúla mar frisbees, liathróid leadóige agus liathroid peile. tar éis an lón bhi tóraíocht taisce againn, bhí comh - scór idir foireann  Amelie, Therese agus Sinéad agus Róan, Senan agus Conall ó. Ag a seacht bhíomar ag cleactadh don Aifreann agus leathuir a chloig níos     deanaí bhiomar go léir ag canadh amach! Ar dé Domhnaigh bhí súilóid fhada eile againn go dtí tobair Éanna. Tar éis tobair Éanna bhí cead againn spraoi aon áit, chuaigh an méid is mo daoine go dtí an trá.
sin é ó Inis Oirr, Cillian!

No comments:

Post a Comment

Gavin, Seán + Eoin

                                                                                                            An Plassey                 ...